Acadamh Uasoiliúna Chomhairle Chathair Bhéal Feirste do Chúntóirí Ranga Leibhéal 3 – Aistriú Oideachasúil
Available from multiple providers
Tá a gcuid eolais, tuisceana agus scileanna forbartha ag saothraithe an tsuaitheantais seo le tacú le páistí agus daoine óga agus iad i mbun aistrithe sa tsaol. Éilítear leis inniúlacht maidir le comharthaí agus leideanna d’aistrithe a aithint agus freagairt dóibh agus tacú leo aistrithe a bhainistiú agus torthaí dearfacha a bhaint amach.
Communication Learning support skills Relationship building Educational assessment Strategic thinking Interpersonal skills Education Educational transition Course ParticipateCriteria
Caithfear iarratas a dhéánamh ina leith seo agus déan teagmháil leis an solathróir faoi choinne tuilleadh eolais.
Tá sé léirithe ag an saothraí go dtuigeann siad réimse agus tionchar na n-aistrithe a thiteann amach i saol páistí agus daoine óga. Tá a gcuid scileanna cumarsáide amhairc agus an tuiscint atá acu léirithe trí chlár taispeána a chruthú i ndorchla na scoile. Míníodh ar an chlár taispeána an tionchar a thiocfadh le cultúr, creideamh, creidimh phearsanta, le hinscne, le céim forbartha nó eispéiris roimhe seo a imirt ar chur chuige páiste nó daoine óga maidir le haistriú.
Tá sé léirithe ag saothraí go bhfuil siad in ann aistrithe i saol páistí agus daoine óga a aithint & freagairt dóibh. Is féidir leo míniú a thabhairt ar comharthaí & toscaí a léiríonn go bhfuil aistriú i saol páiste nó duine óig.Is féidir leo deiseanna a chruthú chun plé a dhéanamh ar imeachtaí nó eispéiris a imríonn tionchar air seo; is féidir leo, smaointeoireacht straitéiseach a chur i bhfeidhm. Tá cás-staidéar cruthaithe le comharthaí imní a d’fhéadfadh a bheith ar fhoghlaimeoirí a aithint.
Tá sé léirithe ag saothraí go bhfuil siad in ann tacú le páistí agus le daoine óga le haistrithe sa tsaol s’acu a bhainistiú. Tá páirt glactha acu i bplé mar ghrúpa faoi na modhanna a úsáidtear le tacú le páistí agus daoine óga aistrithe ina saol a bhainistiú agus an dóigh ar féidir leis an aistriú dul i bhfeidhm ar an duine aonair. Tá na straitéisí áitiúla a thacaíonn leis an aistriú aitheanta ag saothraithe m.sh. - Maidineacha súgartha do Thuismitheoirí/páistí / cuairteanna baile srl.
Caithfear iarratas a dhéánamh ina leith seo agus déan teagmháil leis an solathróir faoi choinne tuilleadh eolais.
Gaelchursai, 199 Falls Road, Belfast, Northern Ireland, BT12 6FS
Standards
Earn this badge
This badge is part of a wider objective, on this pathway:
Embed Badge
Show:
Click to copy the code. Paste this into your website builder: