zoom_in

Acadamh Uasoiliúna Chomhairle Chathair Bhéal Feirste do Chúntóirí Ranga Leibhéal 3 - Riachtanas Speisialta Oideachais

Available from multiple providers

Tá an t-eolas agus an tuiscint léirithe ag saothraithe an tsuaitheantais seo le tacaíocht a sholáthar do páistí agus do dhaoine óga a bhfuil sainriachtanais oideachais agus míchumais acu (SROM) sa timpeallacht foghlama.

Educational technologies Learning theory Learning support Recording and reporting Child development Curriculum development Individual education planning Lesson planning Special education Education Special educational needs Course Communication Participate

Criteria

Caithfear iarratas a dhéánamh ina leith seo agus déan teagmháil leis an solathróir faoi choinne tuilleadh eolais.

Tá tuiscint forbartha ag an saothraí ar shainriachtanais oideachais páistí agus daoine óga a bhfuil riachtanais chognaíochta agus foghlama acu, riachtanais mhothúchánacha, iompraíochta agus forbartha sóisialta agus riachtanais chéadfacha agus fhisiciúla. Tá a gcuid foghlama léirithe ag saothraí trí acmhainn a chruthú ina sainaithnítear bacainní ar rannpháirtíocht agus an tábhacht a bhaineann le haitheantas agus idirghabháil luath.
Tá a dtuiscint léirithe ag saothraí ar phrionsabail an chleachtais chuimsithigh, ar chearta páistí agus daoine óga faoi mhíchumas nó a bhfuil sainriachtanais oideachais acu. Tá píosa scríofa ag saothraí le riachtanais na reachtaíochta reatha sna Náisiúin Bhaile maidir le cleachtas cuimsitheach a aithint agus le hachoimre a dhéanamh ar sholáthar, creataí measúnaithe agus idirghabhála agus cearta páistí agus daoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus mhíchumas acu.
D'fhoghlaim saothraí an dóigh le faisnéis a fháil faoi riachtanais aonair, faoi chumais agus faoi spéiseanna páistí agus daoine óga faoi mhíchumas, agus iad siúd a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Tá agallamh déanta ag an saothraí le gairmithe oideachais agus tá tuarascáil scríofa curtha le chéile mar fhianaise ar an fhoghlaim seo.
Tá tuairisc scríofa breathnaithe agus curtha isteach ag an saothraí ina bhfuil béim leagtha ar thrí straitéis tacaíochta; Rinneadh measúnú ar an fhianaise foghlama seo agus léirítear ann an tuiscint atá acu, mar shaothraithe, ar na cineálacha straitéisí atá de dhíth le tacú le páistí agus daoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais agus atá faoi mhíchumas.
Caithfear iarratas a dhéánamh ina leith seo agus déan teagmháil leis an solathróir faoi choinne tuilleadh eolais.
Gaelchursai, 199 Falls Road, Belfast, Northern Ireland, BT12 6FS

Standards

Earn this badge

This badge is part of a wider objective, on this pathway:

Embed Badge

    Show:

Click to copy the code. Paste this into your website builder:

Share as QR Code

To open this badge page, scan this QR code: