Acadamh Uasoiliúna Chomhairle Chathair Bhéal Feirste do Chúntóirí Ranga Leibhéal 3 - Forbairt Teanga
Available from multiple providers
Tá sé léirithe ag saothraithe an tsuaitheantais seo go bhfuil tuiscint acu ar thábhacht na cainte, na teanga agus na cumarsáide d’fhorbairt iomlán páistí & daoine óga agus idirghníomhú le daoine eile. Tá fiosrú déanta ag saothraithe ar bhealaí le tacú le páistí & daoine óga a scileanna cainte, teanga agus cumarsáide a fhorbairt chomh maith le tacú le foghlaimeoirí dátheangacha.
Language development Communication Learning support skills Recording and reporting Multicultural education Literacy Education Course ParticipateCriteria
Caithfear iarratas a dhéánamh ina leith seo agus déan teagmháil leis an solathróir faoi choinne tuilleadh eolais.
Tá sé léirithe ag saothraí go dtuigeann siad measúnú foghlaimeoirí dátheangacha & an dóigh le tacú leo trí acmhainní foghlama atá inrochtana,rud a thacaíonn le huilechuimsitheacht d’fhoghlaimeoirí. Tá acmhainn forbartha le húsáid do bhaill foirne nua lena gcuid foghlama a thaispeáint;ag léiriú scileanna litearthachta,tacaíochta foghlama & oideachais ilchultúrtha.Tá iniúchadh déanta ar theicneolaíocht chúnta le bacainní cumarsáide idir an suíomh, na tuismitheoirí agus an páiste a laghdú.
Tá a tuiscint forbartha ag an saothraí ar thábhacht na cainte, na teanga agus na cumarsáide d’fhorbairt iomlán páistí & daoine óga. Tá tuiscint léirithe ag an saothraí ar a ról trí phíosa taighde teoiriciúil neamhspleách a chruthú ina léirítear a scileanna cumarsáide agus litearthachta. Sna cáipéisí scríofa seo tá cur síos déanta acu ar dhá theoiric urlabhra, teanga agus cumarsáide ar a laghad agus plé déanta ar an tábhacht le dúshláin chumarsáide don dalta a aithint go luath.
Tá tacaíocht curtha ar fáil ag an saothraí d’fhorbairt urlabhra, teanga agus cumarsáide páistí & daoine óga sa timpeallacht foghlama. Tá fianaise tugtha ar an méid a chuireann siad le timpeallacht dhearfach foghlama a chothú a thacaíonn le cumarsáid ó bhéal; a chuidíonn lena cumarsáide agus scileanna idirphearsanta a léiriú. Tá fianaise curtha ar fáil ag an saothraí ar a gcuid foghlama trí agallamh a chur ar chomhghleacaithe agus píosa scríofa a chur isteach lena gcuid torthaí a leagan amach.
Caithfear iarratas a dhéánamh ina leith seo agus déan teagmháil leis an solathróir faoi choinne tuilleadh eolais.
Gaelchursai, 199 Falls Road, Belfast, Northern Ireland, BT12 6FS
Standards
Earn this badge
This badge is part of a wider objective, on this pathway:
Embed Badge
Show:
Click to copy the code. Paste this into your website builder: