zoom_in

Acadamh Uasoiliúna Chomhairle Chathair Bhéal Feirste do Chúntóirí Ranga Leibhéal 3 - Cosaint Páistí

Available from multiple providers

Tá an t-eolas agus an tuiscint atá de dhíth le tacú le cosaint páistí & daoine óga léirithe saothraithe an tsuaitheantais seo.

Communication Teamwork Safeguarding Recording and reporting Presentation Partnership working Planning Interpersonal skills Education Course Participate

Criteria

Caithfear iarratas a dhéánamh ina leith seo agus déan teagmháil leis an solathróir faoi choinne tuilleadh eolais.

Tá scileanna cosanta páistí léirithe ag saothraí trí bhileog eolais chomhthiomsaithe a chur ar fáil ina sonraítear a dtuiscint ar reachtaíocht, ar threoirlínte, ar bheartais agus ar nósanna imeachta le páistí agus daoine óga a chosaint.
Tá scileanna obair foirne, cumarsáide agus cur i láthair léirithe trí oibriú le piaraí i ngrúpaí leis an tábhacht atá le cur chuige duine-lárnach agus páistí agus daoine óga á úsaid. Tá a n-eolas forbartha ar obair chomhpháirtíochta, i gcomhthéacs na cosanta páistí, trí chur síos a dhéanamh ar róil agus ar fhreagrachtaí trí eagraíocht éagsúla a d’fhéadfadh a bheith ag plé le cheist mí-úsáid nó díobháil do pháiste nó dhuine óg. Chonaic an measúnóir saothraithe le linn an phlé.
Tuigeann an saothraí an gá atá le sábháilteacht agus cosaint páistí agus daoine óga a chinntiú. Tá píosa scríofa agus curtha isteach ina mínítear an dóigh ar féidir le baill foirne iad féin a chosaint ina gcleachtas laethúil agus le linn gníomhaíochtaí seachtracha. Mínítear sa phíosa scríofa an fáth ar gá páistí agus daoine óga a chosaint ar dhochar sa timpeallacht foghlama agus ar líne. Tá míniú tugtha ar thionchar reachtaíochta agus nósanna áitiúla.
Tá scileanna taifeadta, tuairiscithe agus pleanála léirithe ag an saothraí agus is féidir leo mhíniú a thabhair ar an tábhacht a bhaineann le sábháilteacht agus cosaint leanaí agus daoine óga sa timpeallacht foghlama. Tá bileog ullmhaithe chun míniú a thabhairt ar an dóigh is féidir le baill foirne iad féin a chosaint go laethúil i dtimpeallacht foghlama agus lasmuigh. Mínítear sa bhileog cén fáth ar gá leanaí agus daoine óga a chosaint ó dhochar.
D'fhoghlaim an saothraí conas freagairt a thabhairt ar imní go ndearnadh mí-úsáid/dochar ar leanbh/duine óg. Is féidir leo miniú conas cineálacha mí-úsáide agus bulaíochta a aithint; d'fhoghlaim siad faoi na comharthaí,a d'fhéadfadh a bheith ina gcúis imní i gcomhthéacs na cosanta. Tá a fhios ag saothraithe na bearta ba chóir a dhéanamh má líomhnaíonn leanbh/duine óg díobháil/drochúsáid.
Leirigh an saothraí scileanna idirphearsanta. Mhínigh siad conas oibriú le leanaí & daoine óga chun tacú leo fás agus forbairt a dhéanamh. D'aithin siad bealaí inar féidir le foireann tacaíochta tacú le forbairt muiníne/ agus féinmheas. Aithníonn siad comharthaí imní meabhairshláinte i leanaí & daoine óga agus is féidir leo cur síos a dhéanamh ar ról na foirne tacaíochta maidir le comharthaí imní meabhairshláinte.
Caithfear iarratas a dhéánamh ina leith seo agus déan teagmháil leis an solathróir faoi choinne tuilleadh eolais.
Gaelchursai, 199 Falls Road, Belfast, Northern Ireland, BT12 6FS

Standards

Earn this badge

This badge is part of a wider objective, on this pathway:

Embed Badge

    Show:

Click to copy the code. Paste this into your website builder:

Share as QR Code

To open this badge page, scan this QR code: