zoom_in

Acadamh Uasoiliúna Chomhairle Chathair Bhéal Feirste do Chúntóirí Ranga Leibhéal 3 - Caidrimh Ghairmiúla

Available from multiple providers

Tá caidreamh gairmiúil le páistí, daoine óga agus daoine fásta léirithe ag saothraithe an tsuaitheantais seo. Tá acmhainní forbartha ag saothraithe agus agallaimh déanta acu le heolas agus iompraíochtaí cás-oiriúnacha a thaispeáint. Léiríodh cumarsáid éifeachtach agus an modúl cúrsa seo á chríochnú.

Partnership working Recording and reporting Digital skills Interpersonal skills Information gathering Confidentiality Critical thinking Communication Inclusive practice Education Course Participate Professionalism

Criteria

Caithfear iarratas a dhéánamh ina leith seo agus déan teagmháil leis an solathróir faoi choinne tuilleadh eolais.

Tá scileanna oibre comhpháirtíochta, idirphearsanta & cumarsáide léirithe agus é ag cur síos ar na prionsabail a bhaineann le caidreamh dearfach a fhorbairt le comhghleacaithe agus le foghlaimeoirí. Tá ceisteanna scríofa agus agallaimh déanta le speisialtóirí SRO agus le daoine eile. Tá a dtorthaí comhordaithe agus míniú tugtha ar an fháth a bhfuil buntáiste ag baint le cumarsáid éifeachtach, tionchar na ndifríochtaí cultúrtha agus na bacainní ar oibriú comhpháirtíochta le páirtithe leasmhara.
Tá tuiscint léirithe ag saothraí ar rúndacht, bailiú faisnéise agus scileanna taifeadta agus tuairiscithe agus iad ag cur síos ar a dtuiscint ar reachtaíocht, ar bheartais agus ar nósanna imeachta maidir le rúndacht agus faisnéis a roinnt, lena n-áirítear cosaint sonraí. Tá tuairisc scríofa curtha isteach ag saothraí agus páirt glactha aige nó aici i bplé mar ghrúpa ar phrótacail rúndachta láimhseála fianaise agus reachtaíocht um chosaint sonraí.
Tá tuiscint ag saothraí ar an dóigh le tacú le cuimsitheacht agus cleachtais chuimsitheacha in obair le páistí agus daoine óga. Tá míniú tugtha ag saothraí ar an bhrí atá le cuimsiú, tá bacainní ar rannpháirtíocht aitheanta aige nó aici agus bealaí léirithe le tacú le cleachtais chuimsitheacha le linn díospóireachtaí ranga agus aighneacht scríofa, ag taispeáint a scileanna machnamhacha agus smaointeoireachta criticiúla agus scileanna digiteacha.
Caithfear iarratas a dhéánamh ina leith seo agus déan teagmháil leis an solathróir faoi choinne tuilleadh eolais.
Gaelchursai, 199 Falls Road, Belfast, Northern Ireland, BT12 6FS

Standards

Earn this badge

This badge is part of a wider objective, on this pathway:

Embed Badge

    Show:

Click to copy the code. Paste this into your website builder:

Share as QR Code

To open this badge page, scan this QR code: