Leibhéal 5 Acadamh Scilbhisithe do Chúntóirí Ranga (Comhairle Cathrach Bhéal Feirste)- Cleachtas Gairmiúil
Available from multiple providers
Tá tuiscint ag saothraí an tsuaitheantais seo ar choincheapa na forbartha pearsanta agus an chleachtais mhachnaimh ghairmiúil atá bunúsach le foireann a threorú i suíomh cúram leanaí. Tá tuilleamh ar an eolas faoi na prionsabail seo, maidir le teoiric agus cur i bhfeidhm.
Presentation Occupation Self-evaluation Reflective Conflict management Team management Report writing Analytical Planning Education Professional practice Professionalism Course ParticipateCriteria
Caithfear iarratas a dhéánamh ina leith seo agus déan teagmháil leis an solathróir faoi choinne tuilleadh eolais.
Tá a scileanna cur i láthair, slí bheatha agus féinmheastóireachta léirithe ag saothraí trí chur i láthair a thabhairt a dhéanann cur síos ar dhualgais agus ar fhreagrachtaí na ról i suíomh cúram leanaí. Tá cur síos déanta fosta ag an saothraí ar na caighdeáin ghairme don earnáil cúram leanaí agus an dóigh le luachanna, prionsabail agus creataí reachtúla a chur i bhfeidhm a thacaíonn le soláthar seirbhíse i gcúram, foghlaim agus forbairt leanaí.
Tá a scileanna machnaimh, bainistíocht coinbhleachta, obair foirne agus scileanna scríbhneoireachta tuairiscí léirithe ag saothraí, nuair a rinne sé nó sí doiciméad scríofa a shonraíonn an tábhacht a bhaineann le cleachtas machnamhach sa ról cúram leanaí. Thug an saothraí breac-chuntas fosta ar am inar tharla coimhlint agus an dóigh ar bhainistigh sé nó sí é seo go héifeachtach mar cheannaire, ag obair mar chuid d’fhoireann.
Tá a scileanna anailíse agus a scileanna pleanála léirithe ag saothraí agus é nó í ag críochnú píosa scríofa le hanailís a dhéanamh ar a f(h)eidhmíocht féin maidir leis na caighdeáin ghairme. D'iarr saothraí aiseolas ó bhainisteoirí sinsearacha agus thuairiscigh sé ansin dóigh a raibh ag éirí leo; rinne siad iniúchadh fosta ar aon réimsí forbartha. Chruthaigh saothraí plean forbartha pearsanta ansin leis an dóigh a aithint ina dtiocfadh leo a c(h)leachtais oibre a fheabhsú i ról ceannaireachta.
Caithfear iarratas a dhéánamh ina leith seo agus déan teagmháil leis an solathróir faoi choinne tuilleadh eolais.
Gaelchursai, 199 Falls Road, Belfast, Northern Ireland, BT12 6FS
Standards
Earn this badge
This badge is part of a wider objective, on this pathway:
Embed Badge
Show:
Click to copy the code. Paste this into your website builder: