Leibhéal 5 Acadamh Scilbhisithe do Chúntóirí Ranga (Comhairle Cathrach Bhéal Feirste)- Bainistíochta
Available from multiple providers
Tá an t-eolas agus an tuiscint ag saothraí an tsuaitheantais seo sa bhainistíocht agus sa cheannaireacht agus tá a fhios aige nó aici an dóigh leis seo a chur i bhfeidhm le foireann a threorú agus a bhainistiú go héifeachtach le hardchaighdeán cúraim sláinte agus sóisialta a chur ar fáil i suíomh.
Team work Team management Presentation Leadership Literacy Analysing Strategic thinking Group work Education Course ParticipateCriteria
Caithfear iarratas a dhéánamh ina leith seo agus déan teagmháil leis an solathróir faoi choinne tuilleadh eolais.
Tá úsáid bainte ag saothraí as a c(h)uid scileanna oibre foirne, bainistíochta foirne & cur i láthair le hoibriú mar fhoireann chun cur i láthair a fhorbairt. D’aithin sé nó sí fosta cuspóirí, fís & treo straitéiseach na foirne agus mhínigh siad é seo. D’úsáid siad na cuspóirí seo leis na láidreachtaí a aithint & mhínigh siad an dóigh le bearnaí a bhainistiú & a réiteach.
Tá a scileanna litearthachta & ceannaireachta léirithe ag saothraí trí thuarascáil scríofa a dhéanamh a rinne athbhreithniú ar theoiricí & ar mhúnlaí na ceannaireachta & na bainistíochta. Rinne sé nó sí anailís ansin ar na scileanna atá de dhíth, ina s(h)uíomh féin, leis an dóigh le bheith mar cheannaire & mar bhainisteoir éifeachtach a mhíniú & na céimeanna a thiocfadh leo a ghlacadh le hionad oibre ardfheidhmíochta a chruthú le torthaí dearfacha d’úsáideoirí na seirbhíse.
Tá a scileanna anailíse, smaointeoireacht straitéiseach & obair ghrúpa léirithe acu trí oibriú lena p(h)iaraí. D’úsáid siad ansin an t-eolas le tionchar na dteoiricí seo a aithint & an dóigh a dtiocfadh leo tionchar dearfach a imirt ar cheannaireacht sa suíomh. Bhreathnaigh a measúnóir ar an ghrúpa le linn an phlé lena chinntiú gur tharla rannpháirtíocht & comhoibriú éifeachtach.
Caithfear iarratas a dhéánamh ina leith seo agus déan teagmháil leis an solathróir faoi choinne tuilleadh eolais.
Gaelchursai, 199 Falls Road, Belfast, Northern Ireland, BT12 6FS
Standards
Earn this badge
Navigatr is a platform to store your digital badges, grow your skills and reach your goals.
With a Navigatr account, you'll be able to like this badge and be informed when opportunities are available.
Embed Badge
Show:
Click to copy the code. Paste this into your website builder:
Generating certificate...
This might take up to a minute