zoom_in

Ionduchtú Acadamh na Fostaíochta

Available from multiple providers

Tá a n-ionduchtú in Acadamh Fostaíochta Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste críochnaithe ag saothraí an tsuaitheantais seo. Cuireann an t-ionduchtú seo forléargas ar fáil don saothraí ar struchtúr an Acadaimh lena n-áirítear mionsonraí na gcúrsaí, cáilíochtaí, fostóirí urraíochta, amlínte agallamh agus ionchas na rannpháirtithe.

Listening Communication Time management Decision making Information gathering Commitment Education Training and employment Workshop Participate

Criteria

Ar fáil trí iarratas amháin - téigh i dteagmháil leis an soláthraí, le do thoil, le haghaidh tuilleadh eolais.

Tá critéir incháilitheachta an Acadaimh bainte amach ag an saothraí ó soláthraíodh gach cáipéisíocht ábhartha de réir sainriachtanais na hearnála agus cearta oibre sa RA.
Tá scileanna maithe cumarsáide agus coimeádta ama léirithe ag an saothraí trí rath a bheith orthu sna céimeanna scagtha agus roghnaithe inar chríochnaigh siad réimse scrúduithe a rinne measúnú ar a n-oiriúnacht, a spéis agus a dtiomantas.
Tá scileanna cinnteoireachta agus bailithe eolais láidre léirithe ag an saothraí trí fhreastal ar sheisiún eolais, áit ar fhorbair siad tuiscint ar an earnáil agus d'aithin na cáilíochtaí atá riachtanach don obair. Tá fostóirí a thugann tacaíocht don acadamh i ndiaidh labhairt le saothraithe agus mionsonraí a thabhairt faoina n-eagraíocht, a n-earnáil agus na poist atá ar fáil, rud a chuidigh le saothraithe a chinntiú go bhfuil an earnáil oiriúnach dá ngairm bheatha féin.
Léirigh an saothraí úsáid éifeachtach éisteachta agus bainistithe ama trí fhreastal ar cheardlann áit ar léirigh siad cumas treoracha a leanúint agus tascanna clárúcháin a chur i gcrích ar nós suirbhéanna a dhéanann amach riachtanais daoine aonair.
Tá léargas faighte ag an saothraí ar an acadamh, lena n-áirítear oiliúint shainiúil atá riachtanach chun dul isteach san fhostaíocht san earnáil, tacaíocht le CV, le hiarratais agus le hagallaimh a fheabhsóidh na deiseanna fostaíochtaí agus amlínte an Acadaimh. Tá an saothraí i ndiaidh cóip a fháil de Chód Iompraíochta Acadamh Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste agus tuigeann sin mar atá sé breactha sa lámhleabhar rannpháirtithe.
Tá clárúchán agus taispeáint Navigatr déanta ag an saothraí agus tuigeann tábhacht agus luach an ardáin seo chun dul chun cinn san Acadamh agus mar uirlis forbartha gairme. Tá siad inniúil ar an ardán a úsáid, conas ábhar a chuardach agus a roinnt, conas clárú do cheardlanna agus do chonairí, rud a fhágann taifead digiteach acu ar fhoghlaim agus ar struchtúr an Acadaimh.
Ar fáil trí iarratas amháin - téigh i dteagmháil leis an soláthraí, le do thoil, le haghaidh tuilleadh eolais.
Gaelchursai, 199 Falls Road, Belfast, Northern Ireland, BT12 6FS

Standards

Embed Badge

    Show:

Click to copy the code. Paste this into your website builder:

Share as QR Code

To open this badge page, scan this QR code: