zoom_in

Acadamh Fostaíochta Gaeilge Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste - Meabhairshláinte Leibhéal 2

Available from multiple providers

Tá cúrsa Leibhéal 2 sa Mheabhairshláinte críochnaithe ag saothraí an tsuaitheantais seo, lena n-áirítear conas meath ar mheabhairshláinte duine a aithint, agus cé na straitéisí is féidir a úsáid chun tacú leo.

Communication Confidentiality Literacy Risk assessing Risk management Safeguarding Signposting Active listening Healthcare Suicide prevention Wellbeing Mental health act 1983 Mental capacity act 2005 Empathy Education Mental health Personal Development Course Participate

Criteria

Ar fáil trí iarratas amháin - téigh i dteagmháil leis an soláthraí, le do thoil, le haghaidh tuilleadh eolais.

Tá freastal déanta ag an saothraí ar chúrsaí leibhéal 2 a fhiosraíonn an téarmaíocht 'meabhairshláinte' agus 'drochshláinte mheabhrach' agus conas dealú eatarthu sin. Tá a n-acmhainn forbartha acu tacú le daoine atá buailte le drochshláinte mheabhrach, lena n-áirítear straitéisí is féidir a úsáid chun cuidiú le duine a bhfuil tacaíocht meabhairshláinte de dhíth orthu.
Tá scileanna treoraithe, rúndachta, litearthachta, measúnaithe agus bainistithe riosca léirithe ag an saothraí trí phíosa scríofa a chur i gcrích faoin réimse seirbhísí tacaíochta atá ar fáil do dhaoine a bhfuil saincheist meabhairshláinte acu, lena n-áirítear foinsí cuidithe pearsanta agus gairmiúla. Léirigh siad tábhacht dochtúirí, comhairleoirí, síciatraithe, nó teaghlach agus cairde, ag forbairt na n-uirlisí atá de dhíth orthu le daoine a threorú go héifeachtach chuig an tacaíocht oiriúnach.
Tá léiriú déanta ag an saothraí ag a scileanna cúram sláinte agus folláine trí shainaithint a dhéanamh ar shochair an féinchúraim agus réimsí gníomhaíochta féinchúraim a chríochnú, lena n-áirítear aclaíocht agus/nó teiripe ar nós suathaireachta agus aireachais. Rinne siad clárú agus plé ar athruithe folláine i ndiaidh seifteanna folláine a chríochnú, agus tá measúnú críochnaithe acu.
Léirigh an saothraí a scileanna éisteachta, féinmharú a chosc, agus cumhdaigh trí mheasúnú a chríochnú ar chás meabhairshláinte agus a chinntiú go ndearnadh na gníomhartha a chinnteodh an tsábháilteacht. D'éist siad, rinne cumarsáid le comhbhá, agus thug tacaíocht agus eolas nuair a bhíothas i mbun rólghlactha, agus spreag úsáid an chuidithe ghairmiúil, féinchúraim, agus straitéisí chun déileáil leis an chás.
Léirigh an saothraí scileanna taifeadta agus tuairiscithe trí phríosa scríofa a chur isteach a dhéanann achoimre ar an Acht um Shláinte Mheabhrach )1983) agus an Acht um Acmhainn Mheabhrach (MCA), lena n-áirítear cén tionchar a bhíonn ag an reachtaíocht seo ar an soláthar reatha i dtaca le meabhairshláinte.
Ar fáil trí iarratas amháin - téigh i dteagmháil leis an soláthraí, le do thoil, le haghaidh tuilleadh eolais.
Gaelchursai, 199 Falls Road, Belfast, Northern Ireland, BT12 6FB

Standards

Earn this badge

This badge is part of a wider objective, on this pathway:

Embed Badge

    Show:

Click to copy the code. Paste this into your website builder:

Share as QR Code

To open this badge page, scan this QR code: