zoom_in

Leibhéal 5 Acadamh Scilbhisithe do na Luath Blianta 2025 – 26

Fuair saothraithe an tsuaitheantais seo na scileanna praiticiúla agus teicniúla le seirbhísí d’ardchaighdeán a stiúradh bunaithe ar chultúr de chúram cuimsitheach páistelárnach ceartabhunaithe do pháistí faoi 12 bhliain d’aois. Tá saothraithe ábalta tuiscint leathan a léiriú anois ar na scileanna agus ar an eolas phraiticiúil atá de dhíth le seirbhísí a stiúradh agus a bhainistiú in earnáil na luathbhlianta agus cúram leanaí i dTuaisceart Éireann.

Teamwork Team management Problem Solving Self Evaluation Management Communication Adaptability Effective Communication Supervision Upskilling Analytical Skills Leadership Strategic Planning

Criteria

Tá a chuid scileanna pleanála, measúnaithe agus cumarsáide léirithe ag an tsaothraí le treoir phraiticiúil a fhorbairt maidir leis an dóigh le rannpháirtíocht páistí/cúramóirí a spreagadh i bhforbairt measúnuithe. Chuir an saothraí tuarascáil le chéile ina leagtar amach samhlacha curaclaim na luathbhlianta agus an dóigh a dtacaíonn siad le foghlaim agus forbairt páistí. Dhear an saothraí póstaer ag cur béim ar straitéisí oideachais ar féidir leo cuidiú le tionchair dhiúltacha a mhaolú.
Tá a scileanna cur i láthair agus féinmheastóireachta léirithe ag an tsaothraí trí chur i láthair a dhéanamh ina ndéantar cur síos ar dhualgais agus freagrachtaí na ról taobh istigh de shuíomh cúram leanaí. Rinne an saothraí doiciméad scríofa ina sonraítear an tábhacht a bhaineann le cleachtas machnamhach sa ról cúram leanaí. Ansin chruthaigh an saothraí plean forbartha pearsanta lena aithint cad é mar a thiocfadh leo a gcleachtais oibre a fheabhsú i ról ceannaireachta.
Léirigh an saothraí a chuid scileanna oibre comhpháirtíochta agus cosanta nuair a chomhlánaigh sé tuarascáil scríofa lena thuiscint ar reachtaíocht um chumhdach agus ar obair chomhpháirtíochta a léiriú. Tá cur síos déanta ag an tsaothraí ar na beartais agus na nósanna imeachta a leanfadh siad agus na gníomhartha a dhéanfadh siad agus iad ag treorú foirne le mí-úsáid a aithint. Tá cás-staidéar agus measúnú riosca curtha i gcrích ag an tsaothraí a dhearbhaíonn na nósanna imeachta a leanann siad.
Tá a chuid scileanna anailíse, smaointeoireachta criticiúla agus straitéiseacha agus oibre grúpa léirithe ag an tsaothraí trí oibriú lena phiaraí le scrúdú a dhéanamh ar theoiricí agus ar mhúnlaí a thacaíonn le maoirseacht agus breithmheas ar fheidhmíocht taobh istigh den réimse cúram leanaí. Léirigh an saothraí a chuid scileanna litearthachta agus ceannaireachta trí thuarascáil scríofa a dhéanamh a rinne athbhreithniú ar theoiricí agus ar mhúnlaí ceannaireachta agus bainistíochta.

Standards

Earn this badge

This badge is part of this pathway:

Embed Badge

    Show:

Click to copy the code. Paste this into your website builder:

Share as QR Code

To open this badge page, scan this QR code: